- Mountains of Pomeroy
-
Coordinates: 54°35′35″N 6°59′46″W / 54.593°N 6.996°W
Mountains of Pomeroy are a small range of hills that run west of the town of Pomeroy in County Tyrone, Northern Ireland. The area around the mountain range is scenic, with a variety of moorland, forestry and rural farming. The mountain range is recalled in the ballad The Mountains of Pomeroy by Dr. George Sigerson.
"With spirit" Tras-scríofa ag Dave Wooldridge Bailithe de chéaduair ag Francis O'Neill thart ar thús an chéidSeo aistriúchán a rinne mé ar an amhrán sin de chuid George Sigerson, The Mountains of Pomeroy
SLÉIBHTE PHOMEROY
Ba gheal is ba ghlórmhar bhí breacadh an lae 's an fhuiseog ag ceol sa spéir, Nuair a cheangail an bhé a dlaoithe óir as a súil thug sí spléachadh réidh; Nó, cé taobh thall den choill ghlas gheal a d'fhan lena ghrá deas seoigh? Ó cé bheadh ann ach an Ropaire ar shléibhte Phomeroy?
Curfá: Bhí ‘n tóir ar fhear i dtír faoi léan Ach dhiúltaigh se teitheadh is rith Agus choinnigh se cúis na saoirse slán Go hard sna sléibhte is fraoch.
Ba mhinic sin le feascarthráth, ba mhinic le héirí 'n lae Istigh fan choill casadh do a ghrá 's an sruth ina chúr le sléibh. Bhí an searc go teann ag an bheirt leannán nach scriosfadh aon chath na slógh Char bhain aon dlí leis an Ropaire ar shléibhte Phomeroy.
"A stór”, ar sí, “tá mé scanraithe, tá an namhaid lán le fuath. Chuaigh an toir 'do dhiaidh sa mhachaire thíos agus insna gleanntáin thuas. Bíonn mo mhuintir fraochta gach uile lá, ag iarraidh do mharú ar ndóigh. "Fan amach", a deir siad, "on Ropaire sin ar shléibhte Phomeroy".”
Ná buair do cheann, a thaisce", ar sé. "Cha bhainfidh an namhaid díom, Ná cha dtéid aon slabhra cibé scéal é ar an lámh bheadh i gcónaí saor. Orú fág do mhuintir chruálach is tar liom 's an fhuiseog sa spéir 'gabháil cheoil. Le mo ghunnán, cosnóidh mise thú ar shléibhte Phomeroy.
Le teacht an lae, d'éirigh sí is theith óna muintir chruálach is a líon. Bhí an choill go geal, 's ba rua an chré 's an sruth ina chúr gan síon. Ach tháinig an ceo is a' doineann sa ló a ' scrios roimhe is ina dheoidh 'S bhí a bhrídeog báite roimh Sheán Bearnach bocht ar shléibhte Phomeroy.
Bhí 'n tóir ar fhear i gCabhán a' Chaorthainn Ach dhiúltaigh se teitheadh on tslóigh Agus choinnigh Ó Donnghaile an tsaoirse beo Ar shléibhte Phomeroy.
Cathal Ó Donnghaile, Alt Mór
Categories:- Mountains and hills of County Tyrone
- County Tyrone geography stubs
Wikimedia Foundation. 2010.