Coláiste an Phiarsaigh

Coláiste an Phiarsaigh

Mairimid i ré na teicneolaíochta. Tá fón póca, ríomhaire agus méid mhor uirlisí againn inniu chun an saol a dhéanamh níos éasca. Tá taithí againn go léir ar na huirlisí a chabhraionn linn ó lá go lá. Tá sé deacair orainn aon saol eile a shamhlú. Muna bhfuil bhfuil rudaí i gceart cuirimid an milleán ar dhuine eigeán eile – ar an scoil, ar ár dtuismitheoirí, ar an rialtais. Éilimid ár gcearta. Tá níos lú agus níos lú daoine ann atá sásta brú a chur orthu féin, allas a shileadh chun spriocanna a bhaint amach agus aidhmeanna a bhaint amach. Ach i gColáiste an Phiarsaigh cuirimid luach ar daoine a chaith a saol ag cabhú le eolas a thabhairt go daoine óga i scoileanna agus nár chuir an cheist riamh: “cad a gheobhaidh mé as seo?” Thógadar dáiríre focail an Uachtaráin Uí Chinnéide ar ócáid a togadh mar Uachtaráin é: “Ná hiarr ar do thír rud a dhéanamh duit ach ort féin rud a dhéanamh duit ach ort féin rud a dhéanamh dod’ thír.”

Nuair a bunaíodh Gaedhealachas Teoranta i 1940, bhí dream beag daoine ann a chreid go bhféadfaí rud éigin a dhéanamh chun an Gaeilge agus an Gaelachas a shlanú. Thógadar focal an Phiarsaigh “Tír gan teanga, tír gan anam.” Bhí baint ag an Dara Cogadh Domhanda le bunú na heagraíochta. D’fhéadfadh géarchéim a bheith ann d’Éirinn agus don Gaeilge. Bheartaigh siad a gcion féin a dhéanamh ionas go dtiocfaidh an Gaeilge slán. Bhunaigh Gaedhealachas Teoranta coláiste samhradh i Garraí Bhoithe sa bhliain 1944. Thar na blianta a lean chuireadar colaistí samhradh ar bun i gCorca Dhuibhne, ar Oileán Chléire agus sa Geata Bán mar raibh Trabolgan, atá inniu ina ionad saoire.

Nuair a cuireadh Teach Ghleann Maghair ar an margadh sna caogaidí, cheannaigh Gaedhealachas Teoranta an teach agus na tailte a bhí ag gabháil leis. Is ann a bhunaíodh Scoil na nÓg sa bhliain 1958. Eibhlín Ní Drisceoil a bhi ina Priomhoide. An bhliain dar gcionn, 1959, d’oscail Scoil na nÓg scoil chónaithe do bhuachailli i dTrabolgan. Tháinig an Uachtaráin Eamonn de Valera, chun an oscailt oifigúil a dhéanamh. Bhí Gaedhealachas Teoranta i gconaí ag iarraidh teacht ar shlite nua chun an Gaeilge a chur chun cinn agus sa bhliain 1961, bhunaigh siad “Agus”, iris miosúil ina raibh idir phrós is filíocht. Diarmuid Ó Murchadha a bhí ina eagrathóir agus i leathnaigh “Agus” thug sé caoi do mhórán de na filí óga a saothair a chur i gcló. Ina measc bhí Michael Davitt agus Gabriel Rosenstock.

Sna Seascaidí bhí gluaiseacht in Éirinn a chuir in aghaidh na Gaeilge a bheith éigeantach sna scrúdaithe stáit. An L.F.M. a tugadh air agus fuair sé morán poiblíochta ó na meáin cumarsáide. Tháinig an saor-oideachas don iar-bhunscoil isteach sa bhliain 1967 agus ceann de na torthaí a bhi air ba ea go raibh laghdú mór ar líon na scoileanna a bhí ag teagasc na n-ábhar tri Gaeilge. Dhealraigh sé nach raibh todhcaí ró-mhaith i ndán on Gaeilge

Ainmniodh an scoil as Pádraig Mac Piarais, tirghráthóir agus oideachasóir den scoth. Sna blianta tosaigh, bh deachtaí móra le sárú ag colaiste anPhiarsaigh. Ní raibh aon fhoirgneamh scoile ann. Bhi seomra anseo agus ansúid. Bhi dhá sheomra I sean-scoil de chuid Eaglais na hÉireann, a bhi dunta le blianta, ar cíos ar feadh cúpla bliain. Dar ndoigh ní raibh aon teas lárnach ann. Super Ser a bhí ag iar-raibh an ait a théamh. Bhiodh sé chomh fuar ann I rith an gheimhridh gur baiseadh ‘Siberia’ air. Dar ndóigh nI raibh saotharlann eolaiochta nó riomhlann ar fáil. Nuair a osclaiodh Coláiste an phairsaigh bhí an cogadh ar siúl sa Mhean- Oirthear. Lean gearchéim eacnamaiochta. Ní raibh aon airgead ag an Roinn Oideachais chun foirgneamh scoile a chur ar fáil. Ach níor lig Eibhlín Ní Drisceoil nó Cormac Mac Cárthaigh do na deacrachtai seo lagmhisneach a chur orthu. Leanadar ar aghaidh ag tathaint ar an rialtas an t-airgead a chur ar fáil. Bhí toradh ar a gcuid iarrachtai agus ar an 10 Samhain, 1978, tháinigh an tAire Oideachais, Seán Mac Uilliam, chun forigneamh nua scoile a oscailt. Faoin am sin bhi thart ar dhá chead dalta ag freastal ar Choláiste an Phiarsaigh.

Ón tosach bhí sé mar aidhm ag Colaiste an Phiarsaigh oideachas a bhí lán Ghealach a chur ar fáil. B’feidir go bhfuil deacrachtai ag baint le téascanna Gaeilge inniu ach bhí na deachrachtai céad uair níos measa triocha bliain ó shin. Ní raibh an ríomhaire nó an meaisín fótachóipeála ar fail. Bhí gleas fótachópéala ar tugadh ‘ spirit duplicator’ar fáil ach níor éirigh leis iam spiorad múinteoirí a ardú. Tá sé suimuil féachaint inniu ar an gcuraclam a chuir Coláiste an Phairsaigh ar fáil sa bhliain 1973. Bhí an Fhrancis agus an Ghearmáinis ar fáil. Ni raibh mórán scoileanna eile ag an am a chuir dhá theanga Eorpacha ar fáil.

Bhí an eacnamaíocht bhaile ar fáil do bhuachaillí .Ní raibh sé seo coitianta ag an am. Cé nach raibh na huimhreacha sa scoil chun múinteoir ealaíne. lánaimseartha a cheapadh bhí an ealaíne ar fáil sa scoil ó thosach. Ba í an aidhm ná chun oideachas leathan gaelach a chur ar fáil. Cé go raibh tús áite ag an ngaeilge níor chialla sé sin go raibh aon rud cúng ag baint leis.

Ta coláiste an phiarsaigh tríocha blian ag fás agus fiche bliain ag fás agus ag fiche bliain faoi bhláth a deirtear. Ta feabhas mór ar áiseanna inniú. Ach tá dúshláin nua le sarú. Tá réabhlóid curtha I grích ag coláiste an phiarsaigh. Ta an taoide casta maidir leis an oideachachas lán-ghaelach. Tá cúpla céad scoil lán- gaelach sa tír inniu. Caithfimid laibhairt na teanga a chur chun cinn laistigh agus lasmuigh dfhallaí na scoile sa siopa sa gharáiste sa séipéal. Cathfimid leanúint leis an réabhlóid a thosaigh Cormac mac cárthaigh agus Eibhlín ní driosceoil. Táimid go mór faoi chomaoin acu. Guímid gach rath ar Coláiste an Pharsaigh anois agus sa todhchaí.

Ba mháith linn ár bfíor-bhuíochas a ghabháil leis an Maistear Ó Súilleabháín [stair] as an alt seo a scríobh dúinn.

Inniú nuair a fhéachaimid ar Theach Ghleamm Maghair nó ar theach cónaithaithe na gcailini i Scoil na nÓg/Colaiste an Phiarsaigh is ar éigean a smaoiníonn aon duine again go raibh saol an-éagsúil ann tráth. Ba chuid d’eastát Teach Ghleann Maghair, cé nárbh eastát ró-mhór an chuid sin de chuaigh leis an teach seo, thart ar 33 acra. Má dhéanaimid iniúchadh ar stair an tí agus an eastáit ta an meid seo le tabhairt faoi deara. Dealraíonn sé gurbh iad muintir Butler St. Leger a bhí i seilbh ann le fada an lá. Tháinig na buitlearaigh go hÉirinn le linn ionradh na Normannach sa bhliain 1169 agus tháinig muintir St Leger i bplandáil Éilíse – Pláindáil na Mhumhan , 1585. Teach Seoirseach is ea Teach Ghleann Maghair . cialaionn sé sin gúr togadh é le linn réimis ríthe Shasana I rith an 18ú hAois.

Bhí mórán tiarnai talun i bhfiacha nuair a chríochnaigh an Ghorta thart ar 1849. Tháinig rialtas na Bhreataine i gcabhair orthu nuair a ritheadh Acht na nÉastát Fiachbhaite in 1849. Dealraíonn sé go raibh an teach ar cíos ó Anthony Butler St Leger ag Henry Mannix ó1842 ar feadh 14 bhliain ag cíos £20 steirling in aghaidh na mbliana. Sa bhliain 1852 cheannaigh Martha Morrogh, baintreach, an t-éastát agus teach ae £610. Coimisinéirí na nEastát Fiachbaháite a bhí i mbun diolachán. Sa bhliain 1865 dhíol Martha Morrogh an Teach agus an t-éastát le James Russell, Trafalgar, Contae Chorcaí ar £3,350.

Bhí an Teach agus an talamh I seilbh mhuintir Russel go dtí an 20ú Céad. Bhí eastáit eile ag muitir Russell I gcontae Phort Láirge. Sa bhlian 1927 bhí an Teach agus an talamh ar leas ag Winthropp Benjamin Browning ó Grace Russell- ar feadh 21 blian ag costas £75 ar feadh cuig bliana agus £85 don chid eile den tréimhse. Sa bhlian 1929 cheannaigh Edward Langford Sullivan ó Woodhill, Gleann Maghair an chuid sin den leas a bhí fágtha ag Browning. Brigadier General, a bhí éirithe as, in arm na Breataine ab ea Sullivan. Sa bhlian 1934 thug an Brigadier a Teach agus 28 acra dá iníon Ann Winfred Sullivan. Ba í siúd An Duchess of Westminister agus úinéir an chapaill cháilúil Arkle, a bhuaigh an Gold Cup I Cheltenham trí huaire as a chéile sna blianta 1964, 65, 66. Sa bhlian 1946 dhíol sí siúd an Teach agus an talamh. Ba é Clement Newingham Everitt ó Fairy Hill, Mala, Co. Chorcaí an té a cheannaigh é. Ba é an praghas ná £8,000. Ceannfort sa Chabhlach Ríoga (éirithe as) ab ea Everitt.

Fuair Everitt bás I 1956. D’fhág sé an Teach agus an talamh ag a bhaintreach Mabel Everitt a raibh seoladh aici ag 94 Merton Drive, Raghnallach, Baile Átha Cliath. An bhlian chéanna cheannaigh Gaedhealachas Teoranta an Teach agus an talamh. Dhá bhliain ina dhiadh sin osclaíodh scoil na nóg I detach Ghleann Maghair.

Toisc go bhfuil an scoil seo, Coláiste an Phiarsaigh animnithe i as an bPiarsaigh mheasamar go mbeadh sé an-oiriúnach go gcuirfimis an t-alt seo I gcló anseo. Scríobh dalta a bhí sa dara bliain é. Tógadh é as Eagrán na Nollag de Splanc, Iris Choláiste an Phiarsaigh 1982.

Rughadh Pádraig Mac Phiarais ar an 10 Samhain, 1879 i mBaile Átha Cliath. Bhí a athair ag obair mar shaor cloiche. Bhí suim aige i saoirse na hÉireann a bhaint amach. Máiréid Ní Bhrádaigh ab ea a mháthair agus ba as Contae na Mí di. Bhí deartháir amháin ag Pádraig-Liam agus dála Phádraigh cuireadh chun báis é. Bhí beirt deirfúir aige leis. Fuair sé a chuid scolaíocht ó na Bráithre Críostaí i Sraith an Iarthair. Bhí aintín aige a d’inis alán scéalta dó i dtaobh na bhFiníní agus Éire Óg agus Wolfe Tone. D’fhoghlaim sé Ghaeilge , nuair a bhí sé aon bhliain déag d’aois. Nuair a bhí sé níos sine chuaigh sé go Ros Muc I gConamara. Bhí labhairt agus scríobh na Ghaeilge ar a thoil aige nuair a bhí sé in óg fhear. Tar éis tamaill bhí sé ina eagarthóir ar an ‘Claidheamh Soluis’. D’foghlaim sé dlí sa choláiste. Beagáinín ina dhiadh sin fuair a athair bás agus ainsin thug sé cabhair dá deartháir. Thug sé léachtaí sa Choláiste agus sa bhliain 1908, bhunaugh sé Scoil Éanna. Bhí sé ag iarraidh an t-oideachas Sasanach a stopadh. Tar éis dhá bhliain d’aistraigh an scoil ó Rath Mhaoinis go Rath Fhearnáin. Sa bhliain 1912 thosaigh sé nuachtáin féin ‘An Barr Buadh’. Bhí an-eolas aige ar polaitíocht faoin am seo. Sa bhliain 1914, chuaigh sé go Meiriceá chun airgead a fháil don scoil agus ansan bhuail sé le Seán Dubhuí agus le Joe Mc Garrity. Labhraíodar faoi Éirí Amach d’Éirinn. Chuaigh sé sna hÓglaigh agus bhí an tÉirí Amach i 1916. Rug na Sasanaigh ar na Ceannairí agus chuir siad chun bás iad. Fuair sé bás i bpriosún Chill-Mhaighneann.

Coláiste an Phiarsaigh is an all-Irish mixed secondary school in Glanmire, County Cork. It has both day pupils and boarders. Irish is the language of conversation for teachers and pupils inside and near the school, and all pupils have a duty to speak Irish. Bursaries are available to certain boarders.

The Gaedhealachas Teoranta established the school in 1973, Cormac Mac Cárthaigh was one of the founders. Eibhlín Ní Drisceoil was priomhoide (principal) from 1973 to 1991. In 1978 the first permanent building was opened and there was around 200 students addending at that time. In the eighties when student numbers increased, prefabs were opened. The extension was opened in 1995 - a science lab, computer room, art room, some class rooms, staff room and offices were made available. Cólaiste and Phiarsiagh is named after Pádraig Mac Piarais, his saying was "Tír gan teanga, tír gan anam" which translates as "A Country without a Language is a country without a soul"


References



Wikimedia Foundation. 2010.

Игры ⚽ Поможем сделать НИР

Look at other dictionaries:

  • Bean an tí — In the Republic of Ireland a Bean an Tí (IPAEng|bɶn ɑn ti:), plural Mna Tí , is a landlady taking in students who wish to learn Irish in a family setting. =Origin= The term means woman of the house in Irish. It is said that up until the 1950s on… …   Wikipedia

  • Cistercian College, Roscrea — Cistercian College Roscrea Coláiste Cisteirseach Ros Cre Motto Insideat Coaelis amino sed corpore com de terris While his mind is on heavenly things, his body is on the ground. Established 1905 Location Roscrea, County Tipperary, Ireland Students …   Wikipedia

Share the article and excerpts

Direct link
Do a right-click on the link above
and select “Copy Link”